Tuesday, September 15, 2020

"A mhacaoimh dhealbhas an dán", a poem by Brighid Nic Gearailt, year 1607


Source:


Brighid Nic Gearailt (born circa 1589, died between 1661 and 1682) was an Irish poet and noblewoman.

The poem:

A mhacaoimh dhealbhas an dán
tig aníos ar sgáth na sgol,
an dán lér chuiris do chlú.
maith a dhéanamh, is tú id thocht!

Na roinn-se do-rinne sibh,
adéarthaoi rinn, a fhir ghráidh,
nach tú do dhlighfeadh an duais
dá dteangmha a luach 'nar láimh.

An dán do ghabhais fá seach,
go bhfios damh-sa — ní breath cham —
is d'fhior a ndéanta más fíor
doba tugtha díol na rann.

Beagán dána 'na dhán cheart,
maith a dhéanamh, a dhearc mhall;
is gan tusa it ábhar suadh,
iongna linne cruas na rann!

Ní chuirfinn i n-iongna ort
do dhán go hoic gidh bé fáth;
gidheadh, is ró-iongna linn
sibh-se do bhreith gill ar dhán.

Dar do láimh, a dhuine ghrinn,
is tú féin do mhill bhur modh,
mar nach tángais fear-mar-chách
ar cuairt chugam le dán bog.

Mac Conmidhe, Fearghal óg,
Ó Dálaigh Fionn, róimh na sgol —
leo do cumadh an gréas glic
más fíor dom aithne, a mhic Con!

Ó hEoghusa, oide na suadh —
fear a ndéanta go luath maith —
is é do-rinne na roinn;
nó neach éigin do Chloinn Chraith.

Acht gidh bé acu sin saoi
lé ndearnadh an laoi gan locht,
ní mheasaim nach mór an slad
a chlú do bheith ar mhac Con.

Ní inneosad ainm an fhir
do dhuine ar bith gidh bé fáth:
is cuma liomsa cia hé,
acht nach deachadh dh'éag dom ghrá!

Mo shloinneadh ní chluinfe cách
uaimse go dtí an lá iné;
atá mh'ainm, gidh bé lér b'áil,
ar mhnaoi do mhnáibh fhlaithis Dé. A mhacaoimh

No comments:

Post a Comment